Portráid Dubh is bán, black and white portraitI measc na n-alt scolártha ar fad atá in eagrán nua Léann, tá alt ríspéisiúil leis an Dr Gordon Ó Riain (Ollscoil Luimnigh) ar Dhuanaire Uí Néill, ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís’.

Ar na hábhair eile atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois.

An stair á ríomh i nduanaire Uí Néill

Sa bhliain 1435, baineadh a lámha is a gcosa de Bhrian Óg Ó Néill agus dá chlann mhac de thoradh ar aighneas le Rí Thír Eoghain (Eoghan Ó Néill). Sárú ar dhlí na haimsire ab ea é seo sa mhéid is go raibh Brian agus a chlann faoi choimirce an fhile, Conchobhar Ruadh Mac Con Midhe. Chum Conchobhar aoir ar na daoine a rinne ionsaí ar Bhrian, ach cuireadh an file ar deoraíocht dá bharr. Tamall de bhlianta tar éis na heachtra, rinne an file iarracht ar theacht chun réitigh le teaghlach ríoga Thír Eoghain.

Mapa den Lucht Tí ] Map of Lucht TíSan aiste seo, ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís’ pléann Gordon Ó Riain leis an eachtra, na dánta a d’eascair aisti, agus leis an aoir sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Dánta a cumadh in ónóir d’Éinrí Ó Néill atá faoi chaibidil, mar aon le dán eile a bhfuil baint aige lena chúlra.

Idir Ghaeilge agus stair in Léann 7

Léiriú atá sna dánta sin ar ghné de stair pholaitiúil Chúige Uladh sa 15ú haois agus ar imeachtaí i saol Éinrí Uí Néill, agus léiriú freisin ar stair shóisialta na tíre i ngeall ar na tuiscintí atá le baint as an dán seo faoi ghnéithe den chaidreamh idir filí agus pátrúin

Is é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile. Agus ar an saothar taighde atá in Léann 7, iris an chumainn, tá aistí a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael.