Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 16-17 Meán Fómhair a reáchtálfar Fómhar na Leabhar — féile litríochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar scríbhneoirí agus ar an scríbhneoireacht i gcomhluadar le léitheoirí den uile aois. I sraith comhráití poiblí agus léamhanna, tabharfar scríbhneoirí le chéile le plé a dhéanamh ar an litríocht, ar an léitheoireacht agus ar a saothar féin.

portrait of speaker at festivalAr na scríbhneoirí agus aistritheoirí a bheidh páirteach beidh Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Labhrás Ó Finneadha agus Muiris Ó Raghallaigh, Diarmuid Johnson, Darach Ó Scolaí, Eilís Ní Anluain, Colm Ó Ceallacháin, Proinsias Mac a’Bhaird, Jacqueline de Brún, Máire Ní Dhufaigh, agus Liam Mac Cóil.

Orthu siúd, beidh Eilís Ní Anluain (údar Filleann Seoirse, ar clé), Máire Uí Dhufaigh agus Proinsias Mac a’Bhaird ag caint ar shaothar nua idir lámha acu, agus beidh Jacqueline de Brún ag trácht ar leabhar nua léi siúd, Cloch na Gréine a bheidh ar fáil i mbliana.

Portrait of writer Liam Mac CóilBeidh Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí ag trácht ar na leabhair atá acusan ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ 2022, agus ar na leabhair nua atá ar na bacáin acu.

Beidh Muiris Ó Raghallaigh, Labhrás Ó Finneadha agus Antain Mac Lochlainn ag caint ar an aistriúchán — agus ar an litríocht.

Agus, dar ndóigh, beidh áthas ar léitheoirí deis a fháil cluas a thabhairt do Liam Mac Cóil agus a shraith ‘An Litir’ á phlé aige, chomh maith le Colm Ó Ceallacháin ar foilsíodh an cnuasach breá gearrscéalta leis anuraidh, Ré na bhFathach.

Beidh fáilte roimh chách.