Níl sé ródheireanach, tá cúpla lá eile fanta roimh Lá Fhéıle Vailintín … agus in am seo an uaignis, cén bronntanas is fearr ná leabhar! Seo í an deis agat féin agus ag do ghrá geal a bheith páirteach in Leabhra Feabhra — LeabhraFeabhra 2021 — agus leabhar a bhronnadh ar chara do chléibh i mí seo na Féile Bríde. Cá bhfios nach mbeadh leabhar faoi do philiúr féin Dé Domhnaigh?!! Agus i mbliana, do LeabhraFeabhra 2021, tá lascaine ar fáil ar leabhair ó leabharbreac.com ach an dearbhán LF21 a úsáid sa siopa ar-líne.

Lá Vailintín - FAN!“Tá mé dúnta i ngrá leat!”

Más mian leat do ghrá a chur in iúl, cén fáth nach bhfágfá faoin bhfile é? Tá réimse mór leabhar ann ar théama an ghrá. Dóibh siúd ar fearr leo an grá grafach, tá Corp an Duine Uasail againn agus An Leathanach Bán, agus do na buachaillí (agus do na cailíní) bána, tá Teach an Gheafta — an grá nach luaitear a ainm! Agus dóibh siúd atá tóin thar ceann, tá Éadaoin — Seacht Snaidhm na Seirce. Go deimhin, níl aon ghanntanas leabhar ann dóibh siúd atá dúnta i ngrá.

Bríd Bandia na bhFilí

Dar ndóigh, titeann Lá Vailintín i mí na leabhar agus i mí na Féile Bríde — bandia na nGael. Maidir le Bríd (nó Brighid), bandia a bhí inti i dtús báire agus dar le Sanas Chormaic go raibh an-ómós ag na fili di, mar sin tá an t-ómós speisialta seo tuilte di i mí na bhfuíoll!

Agus maidir le Leabhra Feabhra féin, nós é seo a bhunaigh léitheoirí leabhar le grá don léitheoireacht agus do na leabhair — nós é nár mhiste a chothú agus a neartú. I mbliana, tá teacht ar réimse mór leabhar do shean is óg ó fhoilsitheoirí agus ó shiopaí leabhar ar-líne. Mar sin, tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh i dtraidisiún Leabhra Feabhra agus bronn leabhar mar fhéirín ar dhuine éigin an mhí seo! Bí páirteach in LeabhraFeabhra 2021, bí páirteach i bpobal na leabhar!