Is beag saothar ar aon tábhacht le Deoch an Tobair a foilsíodh in Éirinn ó aimsir na hAthbheochana i leith. Panorama de phrós na Gaeilge 1100-1925 atá cóirithe ag an Dr Diarmuid Johnson dúinn. Mar aon leis an rogha bhreá téacsanna, tá nótaí saineolais sa leabhar faoi chuid de na ceisteanna móra a bhaineann le comhréir ár dteanga dúchais. Lámhleabhar do lucht na Gaeilge lenár linn féin atá in Deoch an Tobair.
Sleachta as leithchéad scríbhinn
Leabhar na hUidhre is tús don tréimhse agsu aimsir bhunú an tSaorstáit is clabhsúr di. Sleachta as leithchéad scríbhinn a breacadh le linn na tréimhse sin is bunábhar don saothar. Ina measc sin, tá tráchtais leighis, cáipéisí dlí, tuairiscí ar imeachtaí na staire, scéalta liteartha, eachtraí agus iomramha, agus aistí nach iad.
Is éard a dúirt an t-údar ag labhairt dó faoi Deoch an Tobair: ‘Seo deis don saol Fódlach le heolas a chur ar an traidisiún scríbhneoireachta. Is fada an t-ábhar faoi rún sna lámhscríbhinní. Tá sé ar fáil feasta do chách.’
Rud le foghlaim ann dúinn uilig
Arsa an foilsitheoir Darach Ó Scolaí ag trácht dó ar thábhacht an leabhair: ‘Ní móide go bhfuil duine sa tír nach mbeidh rud le foghlaim aige faoi scéal na teanga ach Deoch an Tobair a bheith ina sheilbh aige le léamh.’
Chuir an teangeolaí Aiden Doyle a ghuth féin leis an méid sin: ‘Dá mbeadh cúrsa á cheapadh agam ar stair na Gaeilge, idir litríocht agus teanga, seo é an téacsleabhar a bheadh agam.’
Nótaí saineolais faoi chomhréir agus cheart na teanga
Más í an rogha téacsanna is croí don leabhar, is iad na nótaí saineolais faoi ghnéithe de chomhréir agus de cheart na teanga an sméar mullaigh atá ar an saothar. I measc na gceisteanna a ndéantar cíoradh agus scagadh orthu, tá struchtúr na habairte, feidhm na copaile, cúrsaí comhfhoclaíochta, an briathar saor, agus gnéithe éagsúla den chanúnachas.
Lámhleabhar do lucht scríofa agus léite na Gaeilge
Deoch an Tobair: dhá scór bliain a chaith an Dr Diarmuid Johnson ag cnuasach agus ag cóiriú an ábhair. Is beag saothar a foilsíodh ó thús na mílaoise – ná le tamall roimhe b’fhéidir – atá ar aon scóip ná ar aon doimhneas leis. Lámhleabhar do lucht scríofa agus do lucht léite na Gaeilge atá in Deoch an Tobair gan aon agó.