Tá Oíche Shamhna ag druidim linn agus tá na cailleacha agus na púcaí ag réiteach don fhéile mhór. Agus fud fad na tíre tá cailleacha beaga agus taibhsíní ag foghlaim na ceirde i leabhair na Samhna.

An ChailleachCailleacha agus Zombaithe

Go speisialta d’Oíche Shamhna, tá an bailiúchán breá pictiúrleabhar ‘Arrachtaí’ againn leis an sean-arrachtach aitheanta Enric Lluch

Sna leabhair seo léifidh sibh faoi chailleacha, vaimpíreanna, zombaithe, cnámharlaigh agus gach uile chineál taibhse eile.

Sa leabhar An Chailleach, léimid faoin ocras atá ar an gCailleach Liath. Tá an chailleacht bhocht bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid?

An VaimpírCéard faoin Zombaí bocht?

Tá ocras freisin ar an vaimpír, Ladaslás, sa leabhar Vaimpír, Tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith.  Níl sé in ann pizza féin a ithe! Ní bhíonn saol éasca ag an vaimpír!

Agus céard faoin Zombaí bocht? Níl sé éasca teacht ar zombaí maith. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí don chomórtas mór zombaithe, ach tá leath acu ina gcodladh!! Meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?
Léifimid an scéal go bhfeicimid!

Book cover, Cloch na GréineCloch Ghréine agus Cloch Oghma

Leabhar speisialta d’Oíche Shamhna é Cloch na Gréine — scéal faoi na nithe aisteacha atá ag titiom amach thart timpeall ar Bhaile an Chnoic.

Ar dtús, lasadh teach Mhicí Mhic Shuibhne, ansin thuirling beacha mistéireacha ar an scoil. Agus ina dhiaidh sin, goideadh an chloch rúnda — Cloch na Gréine!

Casfar bithiúnaigh orainn sa scéal seo, agus roinnt de na rógairí is aistí dá bhfaca tú riamh. Agus foghlaimeoidh tú faoi scríbhneoireacht rúnda atá in úsáid sa tír seo le breis is míle bliain. Ní rún go rún Chloch na Gréine!

FrankensteinFrankenstein!!

Agus, dar ndóigh, cá mbeadh muid faoi Shamhain gan Frankenstein! Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtús – ansin feargach. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é.

Clúdach leabhair, book coverScéal na Samhna

Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh.

Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin…

Clúdach leabhair, book cover. Fiach dubh, raven.Sióga Lios Lurgain

Agus ar deireadh uilig tá An tSióg Mhallaithe againn ón tsraith iontach sin Luisne Lios Lurgain. Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Ach is gearr go mbeidh bainis mhór i Lios Lurgain — bainis faoi Shamhain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní gach uile dhuine a fuair cuireadh chuig an mbainis…. tá sióg amháin ann, an tsióg mhallaithe, nach bhfuil sásta ar chor ar bith!

Bíodh Oíche Shamhna thaibhsiúil scanrúil agaibh uilig!