Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
An Cláirseoir ar an nGearrliosta
Tá an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson An Cláirseoir ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana. Ghnóthaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2025. Fógrófar an buaiteoir ar an 30 Meán Fómhair. "Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach gné den phlota, tá gaisce déanta ag an scríbhneoir bisiúil...Read More
-
Colmcille: Lá an Phátrúin
Mura bhfuil an t-úrscéal Flaitheas léite go dtí seo agaibh, inniu an lá! Is é inniu an 9 Meitheamh, Lá Pátrúin Cholmcille, an naomh is ábhar don úrscéal le Proinsias Mac a'Bhaird. San úrscéal álainn dea-scríofa seo, cuirtear Colmcille inar láthair ina steillbheatha mar ógánach, Criomhthann. Agus cé gur saol na n-uasal atá i ndán dó, de bharr thragóid phearsanta, caithfidh sé a dhul sa tóir ar shaol de chineál eile ar fad— agus ní gan stró a thabharfaidh sé...Read More
-
Bódléar: An Dúshlán
Lascaine speisialta ar "Bódléar: An Dúshlán" I bpáirt le Listen-Up Irish, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil lascaine 10% ar fáil do léitheoirí Leabhar Breac don chúrsa Gaeilge ar-líne "Bódléar: An Dúshlán" ach clárú roimh an 20 Aibreán. Cúrsa 60 lá ar-líne é ina léitear agus a phléitear an duaisleabhar Bódléar le Darach Ó Scolaí i gcomhar le múinteoirí agus léitheoirí eile ar-líne. Gach eolas ar https://www.listenupirish.com/bodlear Tá an dearbhán speisialta ar fáil dár gcuid léitheoirí ach an cód...Read More
-
An Cláirseoir i nGaillimh
Tigh Charlie Byrne i nGaillimh ar 6pm Déardaoin 19 Márta, seolfaidh Aodh Ó Coileáin an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear inár láthair. "Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach...Read More
-
Ceas an Chait le Seoladh i nGaillimh
Tigh Charlie Byrne i nGaillimh, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath a rinne an obair ealaíne ghleoite atá ina bharr maise ar an saothar. As Baile Liam ar an Spidéal an t-údar. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige. Údar aoibhnis an saothar snoite seo Naoi...Read More
-
The passing of a celebrated writer
In Dublin, on Christmas Eve, one of the most celebrated Irish language writers of the past fifty years, the short story writer, novelist and playwright, Seán Mac Mathúna, passed away. Eilís Ní Anluain described him in the Irish Times as “a master of the pen.” (pic: Darach Ó scolaí, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil and Seán Mac Mathúna) Seán Mac Mathúna was born in Tralee. He attended Coláiste Bhréanainn in Killarney, and University College, Cork, before settling in Dublin....Read More
-
Spléachadh ar Leabhair an Earraigh
Anseo thíos, tabharfaimid spléachadh gairid ar na leabhair nua a bheidh ar fáil i dtús na bliana 2026, leabhair le hAilbhe Ni Ghearbhuigh, Brian Ó Conchubhair, Máirtín Coilféir agus Darach Ó Scolaí ina measc. Liadain agus Cuirithir I mí an Mhárta tá súil le Liadain, leagan úrnua den seanscéal grá faoi bhanfhile na meánaoise agus a leannán file arna chumadh ag banfhile ár linne féin. Pictiúrleabhar álainn maisithe ag an ealaíontóir Corcaíoch, Chrissie Dervin. Sean-Dearc le Seán Mac Mathúna Tá...Read More
-
Bódléar: Duaisleabhar na Bliana!
Seo í bliain Bhódléir. Is ar an úrscéal seo le Darach Ó Scolaí a bronnadh trí mhórdhuais na foilsitheoireachta le bliain anuas, Duais an Oireachtais 2024, Gradam Uí Shúilleabháin 2025, agus Gradam An Post Irish Book Awards. Úrscéal gearr a suitear i mbaile beag ar an gcósta thiar sa 19ú haois é Bódléar. Gach samhradh, cumann an máistir scoile an bhaile dán le tabhairt o dheas leis chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Ach i mbliana, tar éis...Read More
-
Tá na Normannaigh chugainn!
Tá na Normannaigh chugainn, go deimhin, agus tá leabhar nua an scríbhneora, Diarmuid Johnson, tagtha ó na clódóirí. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear inár láthair. "Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach gné den phlota, tá...Read More
-
An Cláirseoir: duaisleabhar nua chugainn
Tá an leabhar is nuaí le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir (an t-úrscéal ar a bronnadh Duais an Oireachtais i mbliana) ag na clódóirí faoi láthair agus beidh sí ar fáil faoi cheann coicíse. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear inár láthair. "Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga,...Read More