Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Baineann Lúcás Ó Briain Ceann Scríbe Amach!

Buailtear na cloig! Buailtear na cloig! Tá an lá mór tagtha, tá Lúcás Ó Briain ar an bhfarraige arís, a chlaíomh 'la Fiorentina' lena shliasaid, agus é ar an mbealach chugainn faoi dheireadh thiar leis an tríú húrscéal (agus an t-úrscéal deireanach) sa triológ 'An Litir'.

"Seo Litir chuig Ó Néill"

'Seo litir chuig Ó Néill. Táimid ag iarraidh ortsa í a bhreith chuige agus a chur isteach ina lámha seisean amháin,' agus ó dúradh na focail chiniúnacha sin le Lúcás Ó Briain i nGaillimh in 1612, nó ó foilsíodh An Litir in 2011, tá léitheoirí na Gaeilge i ngreim ag an scéinséir staire seo, agus ó foilsíodh an dara húrscéal in 2014 tá siad ar bís le teacht go deireadh an aistir — agus faoi dheireadh is faoi dheoidh, tar éis turas naoi mbliana tá Lúcás agus a chuid léitheoirí dílse ag teannadh le ceann scríbe.

Bealach na Spáinneach Chugainn

Bealach na Spáinneach atá ar an leabhar nua, leabhar breá toirtiúil — 604 leathanach ar fad, nó 235,00 focal! (rud a chiallaíonn gur os cionn 400,000 focal atá sa tsraith ar fad!!) agus clúdach breá drámatúil le Caomhán Ó Scolaí uirthi i dtraidisiún an dá scéinséir eile sa tsraith. Ní mhillfear deireadh an aistir ar an léitheoir má insítear gur beirt chlaimhteoirí atá ar an gclúdach, sráid chathrach de chuid na haoise sin sa chúlra, agus cloig mhóra eaglasta á mbualadh!

Cheana féin, tá na chéad tuairiscí tagtha chugainn ar Bhealach na Spainneach. Arsa Maitiú Ó Coimín ar 'An Cúinne Dána' RTÉ ar Raidió na Gaeltachta, "Tá an triológ seo ar na trí leabhar is fearr a scríobhadh i nGaeilge riamh ... is eipic é ... Seo leabhar na bliana 2020. Ní thiocfaidh leabhar níos fearr i mbliana!" Agus ba deacair a chreidiúint go dtiocfadh!

Ba mhór an fháilte a chur léitheoirí agus léirmheastóirí roimh an gcéad leabhar sa tsraith, An Litir. 'Page-turner,' a thug Proinsias Mac a' Bhaird air. Agus dúirt go seasfadh 'an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain.'

An Litir: Scéinséir Mór Staire na nGael

'Ropaire' a bhaist Micheál Mac Craith air in Comhar. 'Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach,' ar sé.

Dar le hÉilís Ní Dhuibhne, ag labhairt di ar Raidió na Gaeltachta, go raibh an-mhothú 'don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta.'

An LitirAgus ag scríobh i mBéarla dó in The Irish Times is é a dúirt an tuairisceoir Pól Ó Muirí: 'You can feel the boots and blades in Mac Cóil's Galway... An Litir is a singular achievement.'

Go deimhin, is iomaí duine a thóg an leabhar ina lámha le camchuairt Lúcáis Uí Bhriain a leanúint thart ar shráideanna na Gaillimhe ó shin — rud ar féidir a dhéanamh gan deacracht ó tharla gur beag athrú atá tagtha ar shráideanna na Gaillimhe le 400 bliain anuas.

I dTír StrainséarthaLúcás i dTír Strainséartha

Trí bliana ina dhiaidh sin a foilsíodh I dTír Strainséartha, an dara húrscéal sa triológ, leabhar a thug Lúcás ó Ghaillimh ar a chéad chéim ar a aistear, agus a leag contúirtí is constaicí nua ina bhealach. Agus ba i méid a agus tóir an phobail ar Lúcás.

Dar le Dónall Ó Braonáin, ag scríobh dó in Tuairisc.ie go gcoinníonn 'Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh ... fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.'

Bealach na SpáinneachCadhain Aonair na hÚrscéalaíochta

Agus 'cadhain aonair ar inbhear na húrscéalaíochta Gaeilge é Mac Cóil,' dar le Lee Vahey, ag scríobh dó in Comhar, fear 'atá ar na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla agus is cairéisí ó aimsir an Chadhnaigh i leith. Measaim go seasfaidh an tsraith seo ar feadh na nglún i dtraidisiún na húrscéalaíochta Gaeilge.'

Go deimhin, agus sé bliana caite ó foilsíodh an dara leabhar sa triológ, is fada foighdeach an fanacht a bhí ag léitheoirí ar an leabhar seo, agus níl aon dabht ach go mbainfidh siad ard-sásamh as! Buailtear na cloig do Lúcás Ó Briain! Buailtear na cloig do Liam Mac Cóil!

Return to News