Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí. Cén t-iontas go raibh an óráidíocht ar na healaíona is mó meas sa domhan clasaiceach agus go ndúirt Cicearó nach raibh rud ar bith chomh dochreidte sin nárbh fhéidir a dhéanamh inghlactha le hóráidíocht?

Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann — ó leithéidí ó leithéidí Pheiricléas, Abraham Lincoln, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt — agus óráidí nach bhfuil a gclú chomh mór sin ach a thugann léargas eile dúinn ar an saol agus ar an stair.

Seo í an dara leabhar ó Chló Lováin, inphrionta de chuid Leabhar Breac atá bunaithe thart ar émigrés na hÉireann sa Bhruiséil. Anuraidh, foilsíodh aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar John Steinbeck, Ar Luch agus ar Dhuine, leabhar a ghnóthaigh Gradam de Bhaldraithe i mbliana. Agus, leis seo, an dara leabhar, tá an t-inphrionta faoi lán an tseoil.

Mar a deir an t-eagarthóir ina réamhrá, ‘Is iomaí ráiteas iomráiteach as óráid atá tagtha anall chugainn ón am atá caite, cuir i gcás ‘ní bheidh Éire, in uireasa na saoirse, go brách ar suaimhneas’, ‘ní ghabhfaidh siad tharainn’, ‘ba sin an uair ba bhreátha iad’; is cúis sásaimh dom roinnt díobh sin a chur ar fáil anseo in éindí a chéile agus tá súil agam, ní amháin go mbeidh an leabhar seo ina áis fhónta tagartha ag lucht labhartha na Gaeilge agus ráiteas den sórt sin á lorg acu, ach gur lón léitheoireachta taitneamhach a bheidh acu ann freisin.’