Óró mhíle grá, tá an t-úrscéal Óró le hAlan Titley fógartha ar ghearrliosta na nGradam Litríochta 2025! Úrscéal do léitheoirí óga é Óró, eachtra scleondrach corraitheach ina n-éalaíonn ógánach ar bord loinge go dtéann thar farraige siar go hollchríoch aineoil an óir sa tóir ar El Dorado.
Úrscéal do dhéagóirí … agus do sheandéagóiri!
Úrscéal do dhéagóirí agus do sheandéagóirí is ea Óró, eachtra scleondrach corraitheach ina n-éalaíonn ógánach ar bord loinge go dtéann thar farraige siar go hollchríoch aineoil an óir sa tóir ar El Dorado.
Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann go hoileáin rúnda sinn — áit a gcastar ollphéisteanna agus nithe nach iad orainn! Scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois.
Titley na Seacht nÚrscéal
Scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é Alan Titley. Tá seacht n-úrscéal scríofa aige, ceithre bhailiúchán scéalta, chomh maith le drámaí agus cláir fhaisnéise. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla atá ag scríobh in Éirinn inniu.
Ar na leabhair eile atá ar liostaí na ngradam i mbliana tá an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin, úrscéal do dhéagóirí le Antain Mac Lochlainn, Éanna Corr, agus an t-úrscéal Bódailéar le Darach Ó Scolaí.
Is óro mhíle grá, fógrófar an buaiteoir ag ócáid sa Taibhdhearc ar an 30 Meán Fómhair 2025!