Cló Lováin
Inphrionta de chuid Leabhar Breac
Faoin inphrionta seo foilsítear saothar le meitheal atá i mbun scríbhneoireachta ar Mhór-Roinn na hEorpa. In 2019 a foilsíodh céadleabhar an inphrionta.
Cuirfidh meitheal Chló Lováin rompu éagsúlacht seánraí a shaothrú. Ach beidh béim ar leith acu ar an aistriúchán. Is éard atá difriúil faoi obair na meithle seo go mbeidh siad ag baint ábhair as teangacha na Mór-Roinne agus go mbeidh siad ag foghlaim ó fhoilsitheoirí na Mór-Roinne. A leithéid seo, cuir i gcás – amhail a bhíonn i dtíortha eile, beidh leabhair Chló Lováin inléite ag an léitheoir gan dul i dtuilleamaí aon teanga ach a theanga féin. Lena chois sin, tá cuid mhaith den mheitheal ag obair san earnáil seirbhísí teanga agus, dá réir sin, féachfaidh siad le cleachtais agus próisis ghairmiúla a chur i bhfeidhm in obair an inphrionta ionas go mbeidh siad in ann táirge d’ardchaighdeán a chur ar fáil dá léitheoirí.

-
Óráidí a Chuaigh i gCion
Aibhistín Ó Duibh€15.00Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú...
-
Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck€16.00Ar Luch agus ar Dhuine is Colmcille Ó Monacháin's wonderful Irish translation of Steinbeck's classic Of Mice and Men. This is a tale of driſters in search of...