Gradaim 2021

Trí leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais 2021: MÉ SUIBHNE le Feargal Ó Béarra atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; EACHTRA AR OILEÁN NA RÚN le Brian Ó Broin atá ar ghearrliosta do Ghradam Réics Carló, agus TINTE NA FARRAIGE DUIBHE le Tim Armstrong (agus aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú( atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe.

Buaiteoir le hainmniú i mí Dheireadh Fómhair.

Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an aistritheoir agus guímid an t-ádh orthu sna comórtais. Fógrófar na buaiteoirí i dtús mhí Dheireadh Fómhair.

Trí Leabhar