1 Item

Sráid an Iarla

Úrscéalta lán le mistéir na seansráideanna agus le draíocht na hóige atá sa tsraith ‘Sráid an Iarla’, agus iad scríofa i nGaeilge bhreá shimplí an Iarthair; feiliúnach do léitheoirí os cionn naoi mbliana d’aois.

Is faoi Mhártan, buachaill aonaránach atá ina chónaí lena Mhama ar Shráid an Iarla, atá na trí leabhar sa tsraith. Buachaill beag fiosrach é Mártan, agus is minic go bhfeiceann sé agus go gcloiseann sé rudaí nach mbaineann dó — rudaí a bhaineann le saol na ndaoine fásta. Is minic freisin é i dtrioblóid mar gheall air seo.

Cosúil leis an nGruagach féin, is duine an-rúnda an scríbhneoir. I gCathair Chorcaí a chaith Peadar Ó Cualáin a óige, agus is i seansráideanna na cathrach sin atá a chroí i gcónaí. Chomh maith leis na trí leabhar sa tsraith ‘Sráid an Iarla’ scríobh sé an t-úrscéal fantaisíochta, Bithíunaigh.