Pádraig Standún

Úrscéalaí aitheanta agus drámadóir is ea Pádraig Standún as Baile Dabhóg, Caisleán na Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo.

Foilsíodh a chéad úrscéal, Súil le Breith i 1983, agus foilsíodh an deichiú úrscéal leis, Díbirt Dé, i 2007. Tá a shaothar aistrithe go Béarla, Gearmáinis, agus Polannais. Bhunaigh Bob Quinn an scannán, Budawanny (1987) ar a úrscéal Súil le Breith. Sagart is ea an t-údar, agus tá aithne le fada air mar ghníomhaí pobail. Foilsíodh leabhar dírbheathaisnéise leis Eaglais na gCatacómaí i 2014. Tá sé ina shéiplíneach i gCarna, Contae na Gaillimhe, faoi láthair.