Pádraig Ua Maoileoin

Úrscéalaí, file, foclóirí, aistritheoir, eagarthóir agus raconteur ab ea Pádraig Ua Maoileoin. Chaith sé tréimhse sa Gharda Síochána agus tréimhsí eile mar léitheoir nuachta le RTÉ. Ar na leabhair a scríobh sé tá Bríde Bhán agus Na hAird ó Thuaidh. Ba i gCeann an Dúna i nDún Chaoin a rugadh é sa bhliain 1913. Chaith sé cuid mhór dá shaol i mBaile Átha Cliath agus ba sa bhliain 2002 a cailleadh é.

Ba é Fonn a Níos Fiach an leabhar leis féin ab ansa leis an údar.

picture