Robert Louis Stevenson

Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban. Ba úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúchán déanta ar an shaothar. Bhí an tsláinte go dona aige i gcaitheamh a shaoil agus, dá bharr sin, in 1890 chuaigh sé go Samó san Aigéan Ciúin le cur faoi, agus ba ann a bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894.

Ar a shaothar tá Oileán an Órchiste (Treasure Island), A Child’s Garden of Verses, An Fuadach (Kidnapped), agus The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde. Tá Oileán an Órchiste (Darach Ó Scolaí, 2013) agus An Fuadach (Leon Ó Broin, 1931; Darach Ó Scolaí, 2016), ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an neamairt a rinneadh ina shaothar sa 20 hAois, aithnítear anois é ar dhuine de mhórscríbhneeoirí an Domhain.

picture