A.D. 2016

Pádraig Standún

12.00

148 lch; clúdach bog (Cló Chonamara); ISBN 978-0-86239-017-5

Iarshagart ar oilithireacht go Baile Átha Cliath é Pádraig, an príomhcharachtar san úrscéal A.D. 2016. Le linn na seachtaine beannaithe, 2016, tá sé ar an mbóthar go Baile Átha Cliath, agus aghaidh á tabhairt aige ar Ardoifig an Phoist. Tá a chros féin le hiompar aige, agus cúpla cloch sa mhuinchille. Cé go bhfuil an tsláinte ag cur as dó, tá fonn fíochmhar air a bheith i láthair ag an gComóradh i mBaile Átha Cliath. Mar a deir sé féin: “Sean le bheith ag bualadh bóthair, a deir siad…. Seafóid orm, a deir siad, ach céard tá le cailleadh agam? Bainfidh mé an comóradh seo amach ar ais nó ar éigean…. Tús in Ardfoifig an Phoist … deireadh i gCill Mhaighneann. Comóradh mór na Náisiúntóirí. Na náisiúntóirí oifigiúla, dar ndóigh. Dhéanfaidís de m’uireasa, mar a rinne siad ariamh, ach ní fhéadfainn ligean leis an iarraidh seo. Ní leo an náisiún. Is linn uilig é. Náisiún na hÉireann.” Seo é an dara húrscéal le húdar Súil le Breith agus An tAinmhí, agus duine de na scríbhneoirí is rathúla sa Ghaeilge. Léigh alt in tuairisc.ie