1 Item

Rún na mBradán

Diarmuid Johnson

8.00

Rún na mBradán; 64 lch; clúdach bog; ISBN 6660012160297 (Coiscéim 2016)

Sa Bhreatain Bheag a rugadh Diarmuid Johnson agus is i nGaillimh a chuaigh sé ar scoil. Tar éis dó beagán oideachais a fháil cois Coiribe faoi rún na mbradán, thug sé tíortha na hEorpa air féin., áit ar chaith sé leath a shaoil i mbun léinn agus éigse. Nuair nach mbíonn  sé ag treabhadh i ngort an phinn, is ag teagasc nó ag ceoltóireacht a bhíonn sé, sin nó ag garraíodóireacht sa Bhriotáin.

Fillfidh an Bradán ar an Eas

Rogha dánta atá sa chnuasach seo a chum an t-údar agus é san iasacht idir 2005 agus 2015. Sa Bhreatain Bheag, go dtí 2007, sa Pholainn as sin go dtí 2010, agus sa Ghearmáin ó 2011 go dtí 2013.

Do Ghaeilgeoirí a chaith a saol thar lear a thiomnaíonn sé Rún na mBradán, agus go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí thar lear lenár linn féin, más dá ndeoin é nó dá n-ainneoin. “Fillfidh an bradán ar an eas.”

Ó Dhoire an Fhéich go Casla

‘Scéalach téadach’ atá an file ilteangach seo. Cumadóireacht ar an gcoigríoch, barr an bhainne agus ‘biorú aigne’ atá sa díolaim a shiúlann ‘uaigneas móra na mara’ agus críocha Gaelacha an chroí ón gCruithreang ar an Eilean Sgìtheanach go tigh Khitt, Doire an Fhéich, Casla. ‘Clocha beaga scartha’ a bhíodh mar theideal ar cholúin an scríbhneora ar Cuisle ach moghlaeirí móra machnaimh iad na píosaí seo.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Teanga Sothuigthe, Castacht Smaointe

“Mura bhfuil sé i gceist agat ach aon chnuasach filíochta a cheannach agus a léamh i mbliana, mholfainn go hard Rún na mBradán le Diarmuid Johnson. Is teanga an-sothuigthe atá sna dánta tríd síos d’ainneoin chastacht an smaoinimh corruair. Is beag sampla den nuathéarmaíocht atá ann agus ní gá foclóir mór a cheadú. Ach caithfidh tú bheith réidh an chiall don fhoclóir atá agat agus do na focail atá ar eolas agat a athmheas.” — Maolmhaodhóg Ó Ruairc, An tUltach

Léigh léirmheas ar rún na mBradán ar Tuairisc.ie