0 Items

‘Conas is fearr do dhaoine a saol a chaitheamh?’ Sin an cheist fealsúnachta is sine agus is práinní dá bhfuil ann. Is mian le gach duine saol maith a chaitheamh, ach cad é go díreach atá i gceist leis sin agus conas is féidir é a dhéanamh?

portrait of writerArastatal agus Socraiteas

Sa leabhar beag fealsúnachta seo, faighimid comhairle ó chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Róimhe. Castar orainn Soinicithe scannalacha, Stóigh stuama agus Eipiciúraigh a mhol do dhaoine an saol a ghlacadh go breá réidh. Cuirfimid eolas ar Arastatal agus a ‘mheán órga’ agus ar theagasc Shócraitéas, ‘rí na bhfealsamh.’

Smaointeoirí Ársa i gComhthéacs ár Linne Féin

Pléitear comhairle na seanfhealsamh i gcomhthéacs ár linne féin. An féidir leis na smaointeoirí ársa seo muid a threorú i dtreo na dea-bheatha?

Book CoverScríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.

Údar Ildána agus Aistritheoir

Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin, ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha.