Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste agus gur gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí eile.

Clúdach paimléide, bratach na Palaistíne; pamphlet cover, Palestine flagNaonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a’Bhaird, Colm Ó Ceallacháin, Cathal Ó Searcaigh, Antain Mac Lochlainn, Vincent Morley, agus Darach agus Caomhán Ó Scolaí atá páirteach ann.

Ar na sleachta nua a scríobhadh go speisialta don leabhrán tá ‘Oiliúint’ le hAntain Mac Lochlainn, Deoraí le Proinsias Mac a’Bhaird, agus trí dhán le Cathal Ó Searcaigh, ‘Gaza’, ‘Níl Teitheadh i nDán Dúinn’ agus ‘Cathair na Mairgní’. Tá dán leis an bhfile Palaistíneach Refaat Alareer (a maraíodh in ionsaí Iosraelach anuraidh) aistrithe ag Colm Ó Ceallacháin don leabhrán, agus is sleachta as saothair nua  dá gcuid atá á bhfoilsiú ag na scríbhneoirí eile.

Paimfléad 16 leathanach A5 (nó bileog A2 fillte mar a bheadh léarscáil ann) atá sa leabhrán Ar Son na Palaistíne, agus é deartha go gleoite ag an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí.

Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar Chorrán Dearg na Palaistíne.

Tá an paimfléad ar fáil ar líne ar shuíomh Leabhar Breac.