Your cart is currently empty!
Ar son na Palaistíne
€10.00
Ar son na Palaistíne: paimfléad, bileog fillte,16 lch. Cnuasach d’aistí scríbhneoireachta le naonúr scríbhneoirí — Antain Mac Lochlainn, Eilís Ní Anluain, Proinsias Mac a’Bhaird, Liam Mac Cóil, Cathal Ó Searcaigh, Colm Ó Ceallacháin, Vincent Morley, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, agus clúdach breá maisiúil le Caomhán Ó Scolaí.
Aistriúchán ar dhán le Rafeet Alareer
Ar na haistí próis, tá sleachta as úrscéalta atá ar na bacáin ag na scríbhneoirí Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, sliocht as luathstair na hÉireann atá á scríobh ag Vincent Morley, scéalta úrnua le Antain Mac Lochlainn agus Proinsias Mac a’Bhaird, agus dánta nua le Cathal Ó Searcaigh, chomh maith le aistriúchán le Colm Ó Ceallacháin ar shaothar leis an bhfile Refaat Alareer ar mharaigh na hIosraelaigh é anuraidh in ionsaí aeir.
Saothar deonach ar son na Palaistíne
Is go deonach a chuir na rannpháirtithe ar fad a gcuid saothair ar fáil don bhileog seo, ar mhaithe le fóirithint bia agus leighis a chur ar fáil dóibh siúd sa Phalaistín atá ina gátar, agus is le Cumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín a íocfar an t-airgead ar fad a bhaileofar.
Beidh ‘Ar son na Palaistine’ ar fáil sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste, agus i siopaí leabhar eile.
You may also like…
-
An Ghaeilge sa Dlí
Dáithí Mac Cárthaigh€30.00Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo. Cuimsítear inti pleanáil...
Add to cart -
Léann 1
Cumann Léann na Litríochta€15.00Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 1 taighde ar an dírbheathaisnéis, ar úrscéalaíocht na Gaidhlig, ar sheanfhoclaíocht, ar scríbhinní...
Add to cart -
Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
Add to cart -
Tóraíocht na Dea-Bheatha
Antain Mac Lochlainn€16.00I Tóraíocht na Dea-Bheatha, faighimid comhairle ó chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Róimhe. Castar orainn Soinicithe scannalacha, Stóigh stuama agus Eipiciúraigh...
Add to cart