An Cosán Ceilte

Pól Breathnach

€18.00

An Cosán Ceilte 978-1-913814-89-2

Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1997; Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 1997; Ainmnithe ar Ghearrliosta Dhuais Litríochta The Irish Times 1999

Dánta níos fearr faoin bpaisiún daonna níor cumadh le fada an lá . . . agus an chluas atá aige d’fhéidearthachtaí, do cheol na teanga seo, caithfidh sibh go léir an sárfhile seo a léamh. – RTÉ Guide

Ní mór a rá gur leabhar galánta é Do Lorg, é maisithe go slachtmhar stíleach agus, leoga, tá dearadh tuisceanach ealaíonta síos tríd an saothar ar fad. – Lá

Leabhar ar leith é seo ina bhfuil 60 téacs gairid (prós agus véarsaíocht); leaganacha Fraincise de 24 cinn díobh; agus atáirgeadh daite ar ocht bpictiúr a phéinteáil Mireille Guégant. As tionscadal fada de chuid Guégant agus an Bhreathnaigh a d’eascair an saothar. Le linn tréimhse cúig bliana, spreag siad a chéile chun gnímh trí mhalartú scríbhinní agus pictiúr, trí litreacha, trí thraiseoladh smaointe agus trí chastáil ar a chéile dhá uair sa bhliain.

 

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.