Léann 2

Cumann Léann na Litríochta

15.00

Léann 2: 170 lch; bog; ISSN 1756-204X

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 2 taighde ar an amhránaíocht, ar fhilí agus airchinnigh, agus prós Oirthear Chorcaí.

Gaeil na hAlban sna Cótaí Dearga

Gaeil na hAlban in arm na Breataine is ábhar d’Alan Titley ina aiste ‘Na Curaidhean gun Fheall gun Sgáth’: Albain agus Cogaí na Breataine Móire’

Stór Amhrán na nUltach

‘Anailís Iardhearceach ar Stór Amhrán Róise Rua Uí Ghrianna’ atá faoi chaibidil ag Aoife Ní Ghloinn ina haiste siúd.

Na hamhráin is ábhar do Shorcha Nic Lochlainn ina haiste ‘Amhráin Ghlinnte Aontroma agus Oileán Reachlainn’.

An dá Eochaid nó an t-aon Eochaid amháin?

Ceantar Ard Mhacha sa 10ú haois atá faoi chaibidil ag Mícheál B. Ó Mainnín ina aiste, ‘Eochaid Ua Flainn agus Eochaid Ua Flannucáin: Súil Úr ar an bhFianaise’.

‘Is mé go déanach i mBaile Sheáin’: Donnchadh Rua Mac Conmara agus Talamh an Éisc’ is teideal d’aiste Lillis Uí Laoire

Scríobh an phróis in oirthear Chontae Chorcaí is ábhar do Sheán Ó Duinnshléibhe ina aiste ‘Párliment na bhFíodóirí: Sampla Déanach de Shliocht Liteartha Pairlement Chloinne Tomáis’,

Comhfhiontar é Léann 4 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 4

Féach Léann 5

Féach Léann 6

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde