1 Item

Múinídh dom Glao

Michelle O Riordan

15.00

148 pages; paperback; ISBN 978-0-898332-X

The author is widely recognised as an authority on the poetry of the bards from Early Irish literature to the present day, and in particular for her research into the poems in their historical context. This books adds greatly to our understanding of the changes that came about with time in the poets’ understanding of the nature of human interaction. The book is greatly enriched by the author’s highly-readable style throughout, and by her commentaries on poems well known to all who are interested in the tradition of Irish poetry.

“Murab ionann agus an gnáthshaothar critice, seo leabhrán ar deacair é a leagan uait a luaithe is a bhlaiseann tú de, ar a thaitneamhaí agus a phléisiúrtha is atá sé ar mhórán cúiseanna. Pléisiúr agus taitneamh as bheith i láthair na háilleachta, agus trí bheith i gcuibhreann an údair i ngníomh cruthaitheach na léitheoireachta; óir leanann hupsis Longinus, pléisiúr iomasach an aitheantais, ón teideal agus an réamhscríbhinn amach go dtí an cuireadh chun dialóige faoi eithne na filíochta Gaeilge sa chaibidil chlabhsúir [….]

“Agus i measc sine qua non na filíochta áiríonn sé: cruinneas foirme agus foireann mhaith táilliúirí .i. sinsear agus traidisiún uile an fhile. Ní deachtóireacht Yeats ó lasmuigh lena ‘Irish poets learn your trade’ atá anseo againn, mar sin, ó Sheán Ó Ríordáin ná ó Mhichelle O Riordan, ach impí ó laistigh de thraidisiún, file agus ollamh agus an traidisiún ar de iad ag feidhmiú as láimh a chéile. Tá an leabhrán seo mar sin, ina dlaoi mullaigh, ina chloch phréacháin ar a bhfuil d’éachtaint agus de thuiscint tugtha ag Michelle O Riordan dúinn ar ábhar na filíochta in The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World (1990), agus ar stíl na filíochta in Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (2007).”
— Tadhg Ó Dúshláine.

Is éifeachtach mar a chuireann an plé ar theicníc fhileata ar leith lenár dtuiscint ar na dánta agus is saothar é seo a thugann léargas luachmhar dúinn ar shaibhreas liteartha na filíochta Gaeilge. — Deirdre Nic Mhathúna, Comhar Taighde

Read review in Comhar Taighde