Enfin! Tá an dara húrscéal le Jean-Claude Izzo tagtha ó na clódóirí — Siúrmó, scéinséir mór gréine mar a bhí sa chéad úrscéal, Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn.

Clúdach Leabhair | Book cover, SiúrmóBréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille.

Marseille Noir na Meánmhara

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúl- sraí deanna an Phanier go dtí an Canabier̀ e agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.

Ón Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag iomradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis: buíon daoine atá i gcruachás agus ar gá dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán.

​​​File, iriseoir,  agus úrscéalaí as Marseille ab ea Jean-Claude Izzo, scríbhneoir a bhain cáil amach lena shraith úrscéalta faoin gcarachtar Fabio Montale. Is í an file Corcaíoch Bernadette Nic an tSaoir a rinne an t-aistriúchán, agus cé go bhfuil na blianta caite aici i mbun aistriúcháin, agus dornán leabhar filíochta foilsithe aici, seo é an chéad aistriúchán liteartha dá cuid.

Scéinséir Crua Fileata

Déanann Izzo cur síos ar Lole:
“Bhí sí ina seasamh. Go díreach, mar ba dhual di. A dhá lámh go doimhin i bpócaí a róba folctha a bhí ar dhath na tuí. Chaith an dath geal úd luisne chrónbhuí ina grua agus maise ar an bhfolt gearr ciardubh. Bhraith sé go raibh na cromáin chun feola aici, ach ní raibh sé cinnte. I mbun a méide a bhí sí anois, ach fós mar an gcéanna. Lole, an Ghiofóg. Álainn, mar a bhí riamh.”

Dlúthchairde ab ea an triúr le linn a n-óige. Scarann an saol iad, ach tugann an bás ar ais le chéile iad.

Is álainn, ceolmhar an cur síos atá ag Izzo ar Mharseille san úrscéal garbh aicsin seo — ó chúlsráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.  Agus é sin againn i nGaolainn bhríomhar fhileata Bhernadette Nic an tSaoir.

Cailleadh Jean-Claude Izzo i Marseille sa bhliain 2000.

 Kíor Thuathail ar fáil ó Leabhar Breac.

Léigh sliocht as Kíor Thuathail