Ag ócáid de chuid Fleadh Feirste, Dé Sathairn, sa Chultúrlann i mBéal Feirste, cuireadh an t-úrscéal Súil an Daill i láthair an phobail. Faoi stiúr fhear an tí, Dónall Mac Giolla Chóill, agus le tionlacan ceoil ó phíobaire agus veidhleadóir Bhaile na Scríne, Muiris Ó Brolcháin, rinne Ciarán Ó Pronntaigh an leabhar a sheoladh. Sa Ghailearaí, béal dorais leis an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí a reachtáileadh an ócáid. I láthair, bhí lucht a léite agus a pléite, litterati agus luminari na cathrach.

Súil an Daill á seoladh ag Ciarán Ó PronntaighÚrscéal staire a shuitear i dTír Eoghain i lár an 16ú haois is ea Súil an Daill, leabhar a ghnóthaigh Duais an Oireachtais 2019. Ghnóthaigh úrscéal staire eile leis an scríbhneoir, An Cléireach, Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008.

Prionsa Eorpach ar an Déanamh Nua

Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús leis an úrscéal, tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. Agus ní hiad amháin atá in iomaíocht — i measc a chomhairleoirí, tá a shéiplíneach Aodh Ó Cearúlláin, a chonstábla Giolla Easpaig Mac Dónaill agus, príomhphearsa an úrscéil, a chomhalta is a chara rúin Conchúr Mac Ardail.

Súil an Daill sa Cheathrú PóilíForbairt agus cur chun cinn an tiarnais is fis do Chonchúr. Idir é agus comhlíonadh na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigí féin mar dhuine. Anuas air sin, tá an mac is sine leis an tiarna ann, Feilimí Caoch, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr (agus le bean Fheilimí, Onóra Ní Néill) é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge taipéis Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance dúinn, taipéis bheo ina mhaireann eachlaigh is gallóglaigh, easpag is cléir, rúnaithe is ardfheidhmeannaigh, bantiarnaí is cailíní cuideachta, giollaí is iascairí.

Súil an Daill, Darach ag LéamhTour de Force Stíle agus Reacaireachta

Ina thuairisc mar mholtóir ar chomórtas an Oireachtais, “úrscéal thar a bheith sofaisticiúil” a thug Gearóid Denvir ar Súil an Daill. “Tour de force stíle agus reacaireachta … a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.”

Arsa Breandán Ó Conaire: “léitheoirí a chuireann spéis sna seanscéalta méithe snasta loinnreacha … bhainfidís sásamh agus taitneamh as cumhacht shuntasach an tsaothair stairiúil seo.” Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí faoi lár na míosa seo chugainn.