Tá na Normannaigh chugainn, go deimhin, agus tá leabhar nua an scríbhneora, Diarmuid Johnson, tagtha ó na clódóirí. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear inár láthair.

Portrait of writer Diarmuid Johnson“Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge”

Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar “Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach gné den phlota, tá gaisce déanta ag an scríbhneoir bisiúil seo. Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge.”

Tá an Cláirseoir chugainn!

In earrach na bliana 1169, bhí buíon Normannach sa Bhreatain Bheag ag ullmhú loingis chun farraige: Mac Gearailt, de Barra, Fitz Martin, de Courcy, Prendergast, Fitz Gibbon, agus tuilleadh nach iad. Roimh dheireadh na bliana bheadh Cúige Laighean faoi smacht  acu. An bhliain dár gcionn, bheadh Baile Átha Cliath  ina seilbh chomh maith. Ba ghearr go gcuirfidís claochló ar shaol na tíre ó Loch Garman go Caisleán an Bharraigh, agus ó Phort Láirge go Baile an Fheirtéaraigh

Clúdach leabhair, book coverScéal trí chine: ár scéal féin!

Ach céard ba chúis leis an ionradh? Céard a thug ar na Normannaigh a bhfearann féin a thréigean i ndeisceart na Breataine agus a dhul i bhfiontar agus i gcontúirt thar sáile?

San úrscéal seo, cuireann Diarmuid Johnson imeachtaí na Normannach agus na mBreatnach roimh an ionradh cinniúnach inár láthair. Insítear a scéal dúinn: scéal Ghearailt de Windsor agus a thriall go Duibhlinn; an chomhcheilg in aghaidh Anraí I Rí Shasana; an pósadh leis an mbanphrionsa Nest; Muiris mac Gearailt agus an trunca a bhí líonta le hór; an cor sa chinniúint agus an t-éalú thar toinn.

Scéal trí chine atá anseo: scéal na nGael, na Normannach, agus na mBreatnach. Ár scéal féin.

An Cláirseoir: clúdach bog; ISBN 978-1-913814-79-3

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.