Ó mheall an foghlaí mara Long John Silver an déagóir óg Jim Hawkins chun na farraige, tá muid faoi dhraíocht ag Oileán an Órchiste le Robert Louis Stevenson. Scéal láidir atmaisféarach faoi mhapa foghlaí mara, faoi oileán agus órchiste, agus faoi bhithiúnaigh ar muir is ar tír!

Foghlaí mara dall ar an mbóthar, íomhá ó Oileán an Órchiste, a blind pirate on the road, an image from Treasure IslandJim Hawkins agus Long John Silver

nach bhfuil sé deich mbliana ó aistríodh úrscéal iomráiteach Robert Louis Stevenson Treasure Island go Gaeilge, seasann sé mar chlasaic ar sheilfeanna leabhar. San eagrán breá sómásach seo de Oileán an Órchiste le mórscríbhneoir na hAlban, tá na pictiúir dhaite le N.C. Wyeth agus an léarscáil a mhaisigh an chéad eagrán den úrscéal in 1883. Go deimhin, is fada muid ag fanacht sa Ghaeilge le Long John Silver, agus le seanscairt na pearóide: ‘Píosaí ocht réal! píosaí ocht réal!

Débhríochas na Moráltachta

Tá an t-úrscéal seo le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, aguscáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta – i bpearsa Long John Silver – rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg. Tá sé ar cheann de na húrscéalta is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d’órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d’oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige.

Sceoin agus Sceitimíní

Ag scríobh dó san irisleabhar INIS, is é a bhí le rá ag Iarla Mac Aodha Bhuí, “Tá an t-aistriúchán nó an t-athleagan seo le Darach Ó Scolaí thar barr, le léaráidí a athchruthaíonn dearadh na seanleabhar ón 19ú haois agus a chuireann le sceoin agus sceitimíní na heachtraíochta, agus insint atá chomh saibhir seolta le bunleagan Stevenson, na téarmaí seoltóireachta fite fuaite go healaíonta ionas gur ar éigean atá gá leis an ngluais chuimsitheach atá mar aguisín leis an scéal.

Beirtear ar shamhlaíocht an léitheora ó thús go deireadh. Chuir Stevenson roimhe scéal tarraingteach eachtraíochta a scríobh do bhuachaillí. D’éirigh go hiontach leis, agustréithe an bhunleabhair aistrithe go cumasach buacach go Gaeilge den scoth ag Darach Ó Scolaí.”

Foghlai mara; grianghraf portráide den údar Robert Louis Stevenson, photograph portrait of the author Robert Louis Stevenson

Mór-Scríbhneoir na hAlban

Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban. Ba úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhaincáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúchán déanta ar an shaothar.

Bhí an tsláinte go dona aige i gcaitheamh a shaoil agus, dá bharr sin, in 1890 chuaigh sé go Samó san Aigéan Ciúin le cur faoi, agus ba ann a bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó.

Ar a shaotharOileán an Órchiste (Treasure Island), A Child’s Garden of Verses, An Fuadach (Kidnapped), agus The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde. Tá Oileán an Órchiste (aist. Darach Ó Scolaí, 2013) agus An Fuadach (aist. Leon Ó Broin, 1931; Darach Ó Scolaí, 2016), ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an neamairt a rinneadh ina shaothar sa 20 hAois, aithnítear anois é ar dhuine de mhórscríbhneeoirí an Domhain.

Sár-Aistriúchán Amach is Amach

Foghlaí mara ar chlúdach leabhair, pirate captain on a book cover, Oileán an Órchite, Treasure Island, Robert Louis Stevenson“Is cinnte go bhfuil rud sa bhreis anseo le hais an bhunleabhair,” arsa Aonghus Ó hAlmhainn ina bhlag, “fuighle is friotal nach mblaisfinn murach é. Ní mór a admháil freisin gur earra álainn ann féin an leabharmaisithe leis na bunléaráidí a rinne N.C. Wyeth agus a bhunaigh a cháil siúd. Cló agus leathanaigh soiléir, snasta. Gura fada buan Leabhar Breac i mbun saothair mar seo!”

Léas an leabhar seo san aon lá amháin,” a scríobhann Micheál Ó Ruairc in Feasta, “Sin rud nach ndéanaim rómhinic ar na saolta seo. Mhothaíos go raibh ceangal éigin, bá faoi leith ag an aistritheoir leis an saothar a bhí idir lámha aige agus go raibh sé ag smaoineamh ar an óige agus é i mbun oibre. Mar is sáraistriúchán amach is amach é seo ar shárscéal. É scríte i gcaint na ndaoine i bhfriotal simplí, dúchasach, nádúrtha. É maisithe go hálainn agus dua caite leis ag gach éinne a bhí bainteach leis. Ceannaigh agus léigh agus fill arís ar laethanta d’óige. Tá an leabhar seo níos fearrr ná an bunleagan agus níos so‐aimsithe. Éad orm.”

© Leabhar Breac, 2017

Cuardaigh Foghlaithe Mara ar Vicipéid