Foghlaí Mara!

Gan dabht, is é Long John Silver an foghlaí mara is aitheanta ó chuir longa seoil chun farraige an chéad lá riamh. Bunaithe ar an íomhá a chruthaigh Robert Louis Stevenson ina úrscéal Oileán an Órchiste de mhairnéalach na leathchoise agus a phearóid ar a ghualainn aige, cruthaíodh samhail in intinn léitheoirí den fhoghlaí mara, samhail atá linn fós — agus leabhar a chuirfidh le teolaíocht cois tine an Nollaig seo.