Tá Fómhar na Leabhar chugainn! Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 16-17 Meán Fómhair a reáchtálfar Fómhar na Leabhar — féile litríochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar scríbhneoirí, ar an scríbhneoireacht agus ar an léitheoireacht féin. I sraith comhráití poiblí agus léamhanna, tabharfar scríbhneoirí agus a gcuid léitheoirí le chéile le plé a dhéanamh ar an litríocht, ar an léitheoireacht agus ar a saothar féin.

portrait of speaker at festivalAn Ceathrú Póilí i gCroílár an Cheiliúrtha

I bhfianaise an borradh atá tagtha faoin léitheoireacht Ghaeilge le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil údar ceiliúrtha againn, agus is deis é seo chun an ceiliúradh sin a dhéanamh béal dorais le ceann de na siopaí leabhar Gaeilge is iomráití sa tír, An Ceathrú Póilí — crann taca d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí na Gaeilge,

Is cuí gurb é an lon dubh ag ceiliúr ar charnán leabhar íomhá na féile — an t-éan beag a lig fead de rinn goib glanbhuí (Int én bec | ro léic feit | do rinn guip | glanbuidi) os Loch Lao (nó Loch Cuan) breis is míle bliain ó shin.

Is i seisiúin phoiblí a reáchtálfar an fhéile i nDánlann Dillon, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. agus, le linn gach seisiúin, beidh cathaoirleach agus triúr scríbhneoirí ar an ardán in éineacht agus cíoradh á dhéanamh acu ar an scríbhneoireachta agus ar an litríocht fré chéile. Ceithre sheisiún ar fad a bheidh ann, idir Aoine agus Satharn.

Portrait of writer Liam Mac CóilScoth na gCainteoirí

Liosta le háireamh na scríbhneoirí agus aistritheoirí a bheidh páirteach. Ina measc, beidh Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Labhrás Ó Finneadha agus Muiris Ó Raghallaigh, Diarmuid Johnson, Darach Ó Scolaí, Eilís Ní Anluain, Colm Ó Ceallacháin, Proinsias Mac a’Bhaird, Jacqueline de Brún, Máire Ní Dhufaigh, agus Liam Mac Cóil.

Orthu siúd, beidh Eilís Ní Anluain (údar Filleann Seoirse, thuas, ar clé), Máire Uí Dhufaigh agus Proinsias Mac a’Bhaird ag caint ar shaothar nua atá idir lámha acu, agus beidh Jacqueline de Brún ag trácht ar leabhar nua léi siúd, Cloch na Gréine a bheidh ar fáil i mbliana.

Idir Scríbhneoirí agus Aistritheoirí

Is ag trácht ar na leabhair atá acusan ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ 2022, Seacht dTír Seacht dTeanga agus Súil an Daill, agus ar na leabhair nua atá ar na bacáin acu féin, a bheidh Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí

Agus labhróidh Muiris Ó Raghallaigh, Labhrás Ó Finneadha agus Antain Mac Lochlainn ar an aistriúchán — agus ar an litríocht.

Portrait of writer Diarmuid JohnsonFáilte Mhór Roimh Léitheoirí

Agus, dar ndóigh, beidh áthas ar léitheoirí deis a fháil cluas a thabhairt do scríbhneoir Ráth Chairn, Liam Mac Cóil (thuas, ar dheis), agus a shraith ‘An Litir’ á phlé aige, chomh maith leis an gCorcaíoch, Colm Ó Ceallacháin, ar foilsíodh an cnuasach breá gearrscéalta leis anuraidh, Ré na bhFathach.

Le linn na féile, beidh fáil ar na scríbhneoirí sa Chultúrlann agus beidh leabhair á síniú ag na scribhneoirí sa siopa leabhar, An Ceathrú Póilí.

I mBéal Feirste, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, a reáchtálfar an fhéile ar an Aoine 16 Meán Fómhair agus ar an Satharn 17 Meán Fómhair. Cuirfear tús leis an fhéile ar 18.00 Dé hAoine i nDánlann Dillon sa Chultúrlann, agus leanfar den fhéile ón 11.00 go dtí 16.00 Dé Sathairn. Comhráití poiblí faoi stiúir cathaoirligh a bheidh sna seisiúin ar fad, agus beidh fáilte roimh chách.

Clár Fómhar na Leabhar | Festival programme BEAG