0 Earra

Dhá chéad seachtú seacht bliana tar éis an chatha, tá úrscéal Liam Mhic Cóil, FONTENOY, a cheiliúradh sa Bheilg inniu. Ag ócáid de chuid Éigse na Bruiséile, sa Bassin, Quai aux Briques, léifidh Liam Mac Cóil sleachta as an úrscéal a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2006 agus atá áirithe ag Comhar ar “na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid”. Ina chuideachta, beidh an scríbhneoir agus ceoltóir Diarmuid Johnson, fear a chasfaidh cúpla port ar an bhfeadóg mhór in onóir na hócáide.

Poster

Tine Ghealáin, Paisean agus Glóir na Cogaíochta

Úrscéal staire is ea Fontenoy. Úrscéal a leagtar ar chaptaen óg a throid i mBriogáid Éireannach Arm na Fraince darbh ainm Seán Ó Raghallaigh, agus a d’fhág cuntas ina dhiaidh ar chath Fontenoy: “Tuairisg nó Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras san Tír Íochtair san mbliadhain d’aois an Tighearna 1745.”

Bunaithe ar phrofaí an leabhair sin atá á gcoimeád i gcartlann in Chartres an Fraince, atá an t-úrscéal seo le Liam Mac Cóil. Mar a deir an blurba ar chúl an leabhair, “sna leathanaigh seo déantar cur síos ar bhua is ar dhíomua, ar thine ghealáin is ar phaisean is ar ghlóir na cogaíochta.

Clúdach leabhair 'Fontenoy' eagrán 3. Book cover of 'Fontenoy', 3rd edition.

“Cuimhnígí ar Luimneach!”

Leabhar í seo a tharraing aird agus meas na léirmheastóirí sular bronnadh gradam ar bith uirthi. Arsa Breandán Ó Cróinín sa Limerick Leader, “Ceann des na húrscéalta is fearr agus is cumhachtaí dá bhfuil léite agamsa le fada. Cuimhnigí ar Luimneach! Ceannaigí Fontenoy!”

“A pleasure to read, a work of art”

Ag tagairt don leabhar d’Alan Titley san Irish Times, is é a scríobh sé, “The recreation of the world of the Irish soldiers of 250 years ago in their own language is a work of artistry of the first order. There is no other novelist in Irish today who writes with the same care, precision and clarity. The novel is a pleasure to read, and is a work of art.”

Liam Mac cóil, grianghraf den údar, a photograph of the authors.Athghabháil na Staire

Ó shin, tá léacht tugtha ag an Ollamh Brian Ó Broin ar an leabhar do chom,hdháil idirnáisiúnta Léann na hÉireann i Wisconsin Mheiriceá in 2011, “Ní stair Fontenoy atá anseo,,” ar sé, “ach athghabháil ar stair na nGael … athghabháil na staire a goideadh uainn agus a chaithimid a ghoid ar ais, fiú más gá an stair sin a chumadh.”

Is é Fontenoy an tríú húrscéal le Liam Mac Cóil. Foilsíodh An Dochtúir Áthas in 1994 agus An Claíomh Solais in 1998. Ó shin, chomh maith le leabhair neamhfhicsin, foilsíodh an tsraith An Litir leis — An Litir (2011), I dTir Strainséartha (2014) agus Bealach na Spáinneach (2021), chomh maith le An Choill in 2016.