In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.

Tuilleadh
Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá cuireadh faighte ag Luisne agus Deirdre an Nollaig a chaitheamh i measc na nDaoine sa Domhan Thuas. ‘Ná bainigí úsáid as na Cleasa Sí anseo,’ arsa Aintín Gormlaith leo. ‘Ní mian linn aird a tharraingt orainn féin!’ Ach nuair a thosaíonn cailíní na comharsan ag tromaíocht ar an mbeirt, bíonn an-fhonn orthu ceacht a mhúineadh dóibh. Nollaig í seo nach ndéanfar dearmad go héasca uirthil!

Tuilleadh
Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar. San úrsceal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.

Tuilleadh
Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d'Fhionn agus don Fhiann. Dá thoradh sin, teitheann an bheirt roimh dhíoltas Fhinn, cuirtear an tóir orthu, agus tugtar an léitheoir ar camchuairt trí dhomhan na fiannaíochta sa tour de force fiannaíochta seo ón 14ú hAois.

Tuilleadh
'Leabhar na Bliana 2019'
Athinsint ar cheann de na mórscéalta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, Tromdhámh Guaire, aoir ó thús an 14ú hAois ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.

Tuilleadh
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

Tuilleadh
I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Tuilleadh
Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. ch nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach!
Tuilleadh