I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach.

Is fada ó tháinig úrscéal Gaeilge ó Ghaeltacht Thír Chonaill, agus níl amhras ar bith ach gurb é oidhre na nGrianach an file agus scríbhneoir Cathal Ó Searcaigh.
Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar. San úrsceal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.
Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain€12.00
Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.' Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.
Táin Bó Cuailnge
Darach Ó Scolaí€18.00
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Seo é scéal Chú Chulainn, agus mar a sheas sé an fód, lena charbadóir Lao, in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann a déantar cur síos ar a óige, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, ar a chomhrac le Feardia, agus ar an iomaíócht idir Ailill is Méabh faoi tharbh na nUltach, an Donn Cuailnge. Is san 11ú hAois a scríobhadh Táin Bó Cuailnge, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

Conaire Mór
Diarmuid Johnson€16.00
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu: Baile.
A.D. 2016
Pádraig Standún€12.00
Iarshagart ar oilthireacht go Baile Átha Cliath, Luan Cásca 2016 agus é ag tabhairt aghaidh ar Ardoifig an Phoist. Tá a chros féin le hiompar aige, agus cúpla cloch sa mhuinchille. Seo é an dara húrscéal le húdar Súil le Breith agus An tAinmhí, agus duine de na scríbhneoirí is rathúla sa Ghaeilge.
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra€16.00
Athinsint ar cheann de na mórscéalta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, Tromdhámh Guaire, aoir ó thús an 14ú hAois ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.