Tá siopa Leabhar Breac ar oscailt mar is iondúil chun beartanna leabhar a sheoladh amach chuig ár léitheoirí ar an bpost.

Ar_Luch_agus_ar_Dhuine_beag.jpg

Ar Luch agus ar Dhuine

John Steinbeck

€16.00

120 lch; clúdach crua: ISBN 978 1 911363 22 4

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.

An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas

Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.

"Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR.