Tá siopa Leabhar Breac ar oscailt mar is iondúil chun beartanna leabhar a sheoladh amach chuig ár léitheoirí ar an bpost.

an_chisir.jpg

An Chóisir

€6.00

14 lch, cartchlár, 16 x 16cm; ISBN: 9780898332643

Pictiúrleabhar cláir sa tsraith 'Ag léamh le Caitlín agus Cormac' maisithe ag Silvia Ortega: Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha.

Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.