Nós réasúnta nua is ea ‘Leabhra Feabhra’, nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d’fhéilte móra na bliana.

“Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar”

Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar shárú cóipchirt (le gach bó a bóín agus le gach leabhar a macleabhar!!) ach is i mí an Mheithimh atá lá fhéile Cholmcille ann. Deirtear gur mar gheall ar an easaontas seo idir Cholmcille agus an tArdrí Diarmuid a troideadh Cath Cúil Dreimhne láimh le Droim Cliabh sa bhliain 561, agus gurb é an t-ár sin ba chúis lena imeacht go hOileán Í.

Dar ndóigh, luaitear Colmcille freisin leis an gCathach (atá san Ard-Mhúsaem), agus le Beatha Cholmcille, beatháisnéis a leagtar ar an taoiseach Mánas Ó Dónaill.

Bríd Bandia na bhFilí

Maidir le Bríd (nó Brighid), bandia a bhí inti i dtús báire agus dar le Sanas Chormaic bhí an-ómós ag na filí di, mar sin tá an t-ómós speisialta seo tuilte di i mí na bhfuíoll!

Agus maidir le Leabhra Feabhra féin — https://www.facebook.com/groups/862106460490105 — nós é seo a bhunaigh léitheoirí leabhar le grá don léitheoireacht agus do na leabhair — nós é nár mhiste a chothú agus a neartú. Mar sin, tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh i dtraidisiún Leabhra Feabhra agus bronn leabhar mar fhéirín ar dhuine éigin an mhí seo!

Leabhra Feabhra 2022Seacht dTír Seacht dTeanga

I mbliana, tá beart nua leabhar againn do Leabhra Feabhra, do ghasúir, tá trí leabhar sa tsraith ‘Cáitín Chaoch’: Preab san Aer, Práinneach agus Seal le Sorcas, chomh maith le hatheisiúint na sraithe ‘Arrachtaí’: An Mumaí, An Chailleach, An Cnámharlach, An Vaimpír, An Zombaí, agus Fear an Mhála.

Do dhaoine fásta, tá rogha breá againn. Ó thaobh an fhicsin de, tá an t-úrscéal nua Súil an Daill le Darach Ó Scolaí, againn, agus sa beamhfhicsean, tá an leabhar taistil Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson — chomh maith leis an dá bhailiúchán  nua aistí Ar an Imeall i Lár an Domhain agus Léann 6.