Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Hugo Pratt, Úrscéalaí Graifice Extraordinaire
Tá cruthaitheoir 'Corto Maltese', Hugo Pratt, ar cheann de na húrscéalaithe graifice is cáiliúla ar domhan. Is é an tsraith Corto an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige, iad aistrithe in iliomad teangacha. Áirítear an chéad úrscéal sa tsraith sin, Port na Farraige Goirt ar an dara leabhar is mó a raibh tóir ag léitheoirí Le Monde air. Is geall le húrscéal ann féin scéal a bheatha. I Rimini na hIodáile a saolaíodh é...Read More
-
An Criathrach faoi Shamhain
[audio wav="https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2021/02/Criathrach-faoi-Shamhain3-2.wav"][/audio] AN CRIATHRACH FAOI SHAMHAIN d’Fheargal Criathrach rua, criathrach buí Criathrach Samhna, síorchriathrach sí. Buí-rua an criathrach, buí-rua ruabhuí Leathbhuí anois, leath-ruabhuí arís. Lagbhuí an criathrach, lagbhuí lagrua, Leathlagbhuí, leath-lag-ruabhuí. Taosbhuí an criathrach seo Gona chrann crom rua agus buí Crann crom, criathrach lagthaosbhuí. An criathrach seo is gruabhuí Lá dorcha Samhna is aitealbhuí Criathrach scothbhuí: is lag-scothbhuí a lí. Donnbhuí an donnchriathrach seo Donnfholt idir ghiolc agus chíb Donn, tréandonn, bundonn, barrbhuí. Teimhealrua dó fós, teimhealrua, pollrua,...Read More
-
Lá Vailintín — Níl sé Ró-Mhall!
Níl sé ródheireanach, tá cúpla lá eile fanta roimh Lá Fhéıle Vailintín ... agus in am seo an uaignis, cén bronntanas is fearr ná leabhar! Seo í an deis agat féin agus ag do ghrá geal a bheith páirteach in Leabhra Feabhra — LeabhraFeabhra 2021 — agus leabhar a bhronnadh ar chara do chléibh i mí seo na Féile Bríde. Cá bhfios nach mbeadh leabhar faoi do philiúr féin Dé Domhnaigh?!! Agus i mbliana, do LeabhraFeabhra 2021, tá lascaine ar...Read More
-
Leabhra Feabhra — Léitheoireacht idir Óg is Aosta
Nós réasúnta nua is ea Leabhra Feabhra, nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. "Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar" Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar...Read More
-
Mí na Féile Bríde, Mí na Leabhar
Nós réasúnta nua is ea 'Leabhra Feabhra', nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. "Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar" Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar...Read More
-
Oíche Scéalaíochta agus Marú ar Bhruach Locha
Agus sinn ag druidim leis an Nollaig, is caoi agus is feiliúnach an clúdach atá ar an eagrán nua de Feis Tigh Chonáin, leagan Dharach Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe — nua-insint ar sheanscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Radharc as pictiúr cáiliúil Phieter Bruegel atá ar an gclúdach, Sealgairí sa Sneachta. óir is mar sin a chuirtear tús le Feis Tigh Chonáin, agus an dá fhéinní, Fionn agus Diorraing sa choill tar éis lá seilge....Read More
-
Óráidí
Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga...Read More
-
Gradam Buaite ag Ar Luch agus ar Dhuine
Tá Gradam de Bhaldraith buaite ag aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal clúiteach Steinbeck, Of Mice and Men. Gradam litríochta de chuid chomórtais an Oireachtas atá sa ghradam seo agus ba in 2019 a cuireadh tús leis an ghradam. Bronntar an gradam ar an aistriúchán is fearr gach bliain. Eagrán álainn Gaeilge den seanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men atá sa saothar— leabhar a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal atá ann...Read More
-
Trí Leabhar as Deich ag Leabhar Breac!
Trí leabhar atá ag Leabhar Breac sna deich leabhar is fearr a foilsíodh in 2020 dar le Tuairisc.ie. Sa naoú háit tháinig Éadaoin le Diarmuid Johnson, sa tríú háit tháinig An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh, agus sa dara háit (taobh thiar den fhoclóir nua, tháinig Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil. "An Sméar Mhullaigh" 'Sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil' a thugann Dónall Ó Braonáin ar Bealach na Spáinneach. Ag scríobh dó ar Tuairisc.ie is é...Read More
-
Na Trí Mhac Tíre!
Pictiúrleabhair Áille Neamhghnácha Faoi dheireadh thiar, tá trí leabhar nua curtha leis an tsraith Mac Tíre. Trí leabhar a bhí sa tsraith go dtrí seo: An Mac Tíre nach raibh Sásta Siúl, An Mac Tíre a raibh Faitíos an Domhain air, agus An Mac Tíre a bhí sa Tóir ar an nGrá. Ar cheann de na sraitheanna pictiúrleabhar do pháistí is mó rachairt i nGaeilge faoi láthair tá an tsraith álainn Mac Tíre leis an údar Francach Orienne Lallemand — go deimhin, ní in Éirinn...Read More