Leabhar Breac
Foilsitheoirí Leabhar

0 Earra

Sa Bhruiséil aréir, ceiliúradh ‘Oíche na Leabhar’ sa Fleur en Papier Doré, Beirt scríbhneoirí a bhfuil ainm in airde orthu le blianta beaga anuas a bhí ag léamh sleachta as a saothar, sin iad Diarmuid Johnson agus Feargal Ó Béarra.

Clúdach leabhair Éadaoin, banríon fichilleleagtha ar chlár gorm fichille‘Tá scríbhneoirí agus ceoltóirí ar an gcaighdeán is airde anseo againn sa Bhruiséil’, arsa Tomaí Ó Conghaile ag ‘Oíche na Leabhar’ aréir. ‘Agus san oíche Dé Sathairn (19ú), beidh amhránaithe den chéad scoth againn chomh maith.’

‘Tá muid an-bhuíoch do na léitheoirí dílse a bhí i láthair anocht,’ arsa Diarmuid Johnson, ‘is dóibh a bhíonn muid a scríobh, agus ní mhairfidh an éigse gan tacaíocht ón bpobal. Foilsíodh ‘Éadaoin’ go gairid roimh thús na paindéime, agus is anocht sa deireadh thiar a baisteadh an leabhar.’

‘Sraith na Teamhrach’ is ainm don trí leabhar miotaseolaíochta a scríobh Diarmuid – Conaire Mór, Tuatha Dé Danann, agus Éadaoin, agus maidir lena leathbhádóir, is scéalta ó thús ré na Nua-Ghaeilge atá fuinte fáiscthe as an traidisiún ag Feargal – An Tromdhámh agus Mé Suibhne. Tá an-ráchairt ar shaothar na beirte le blianta beaga anuas, agus is sa Bhruiséil atá an bheirt i mbun pinn.

Is í an fliúiteadóir Jillian Ní Mháille as Cluain na gCearrbhach, Co. Mhaigh Eo, a bhí ag seinm an cheoil mar thionlacan don bheirt.

Oícheantaí na Bruiséile

Clúdach leabhair Mé Suibhne, pictiúr as lámhscríbhinn d'fhear nocht ag lámhacán sa choill.Is mar chuid de ‘Oícheanta na Féile Pádraig’ a heagraíodh Oíche na Leabhar. ‘Oíche na nAmhrán’ atá sa dara hoíche (19ú Márta), agus i measc na bhfonnadóirí a bheas i láthair tá Tanya Nic Gairbheith, Naoise Mac Cathmhaoil, agus Claire Nic Ruairí. Ar cuairt ó Thír Chonaill a bheidh Tanya, múinteoir atá ina ball de Chór Mhuire agus Cór Thaobh a Leithid, agus Naoise, amhránaí sean-nóis a bhfuil saineolas aige ar stíl amhránaíochta iardheisceart an chontae. Is amhránaí traidisiúnta as Doire í Claire Nic Ruairí a d’eisigh sí a céad albam, ‘An Clár Bog Deil’, in 2019 agus atá ina haistritheoir sa Bhruiséi

Oícheantaí na Féile Pádraig – Féile na Leabhar is an Cheoil

Arsa Tomaí Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe ‘Oícheanta na Féile Pádraig’: ‘Tá pobal breá Gael anseo sa Bhruiséil faoin am seo, agus ba mhaith linn imeachtaí a chur ar bun go féiltiúil leis an phobal sin a neartú. Tá gliondar orainn go mbeidh deis ag na hamhránaithe a gceird a chleachtadh.” Agus dar ndóigh, léirigh an slua brá a bhí i láthair ag Oíche na Leabhar go raibh an ceart ar fad aige.