Oíche Nollaig go Deireanach nó ‘Twas the Night Before Christmas’ a tugadh go coitianta ar an dán clúiteach a chum Clement Clarke Moore dhá chéad bliain ó shin, Cuairt San Nioclas (A Visit from St Nicholas). An Nollaig seo, faoi dheireadh thiar, tá an leagan Gaeilge ar fáil i bhfoirm leabhair agus aistrithe ag Darach Ó Scolai. Bunaithe ar eagrán 1912 atá an leabhar nua, arna mhaisiú ag an ealaíontóir clúiteach Meiriceánach Jessie Wilcox Smith.

Íomhá ón gClúdach | Detail from Book CoverTá ‘Cuairt San Nioclás’, ar cheann de na dánta is mó a d’fhág a lorg ar an Nollaig. Cosúil leis an úrscéal gearr Duan na Nollag le Charles Dickens, chruthaigh ‘Cuairt San Nioclás’ samhail den Nollaig ar ghlac léitheoirí go fonnmhar léi.

Oíche Nollag agus na Féiríní

Dán é seo a raibh an-tionchar aige ar an tuiscint atá againn ar an Nollaig, agus deirtear gur ann a leagadh béim den chéad uair ar Oíche Nollag mar fhéile inti féin, agus gur chuir sé go mór leis an nós a bhíonn againn sa lá atá inniu ann féiríní a thabhairt dá chéile.

Réinfhianna San Nioclás

Ina theannta sin, is sa dán seo a ainmníodh ocht réinfhia San Nioclás den chéad uair — Tintreach, Toirneach, Ruóg, Radaire, Cóiméad, Cúipid, Ruagaire agus Preabaire. Bainfidh óg is aosta an-sásamh go deo as an léiriú álainn a thugtar ar San Nioclás sna leathanaigh seo — agus, mar a deir an ‘feairín beag plucach’ é féin, “Nollaig mhór mhaith daoibh, a chairde go léir!”

Portráid an Údair | Portrait of the AuthorMistéir an Údair

Cé gur mhaígh an scríbhneoir agus scoláire Clement Clarke Moore gurb é féin a chum an agus gur fhoilsigh sé an dán i gcnuasach filíochta faoina ainm féin sa bhliain 1844, deir daoine eile nárbh é a chum ar chor ar bith. Leagtar an dán go minic ar an bhfile Henry Livingstone Junior. Tá an cheist á chíoradh ag scoláirí ó shin agus ní fios go cinnte cé acu a chum. Ní cosúil go ndúirt Livingstone féin riamh gurbh é a chum agus ar an gcúis sin glactar go coitianta leis gurb é Moore an t-údar.

Mar bharr maise ar an eagrán breá seo, tá na pictiúir a rinne an t-ealaióntóir clúiteach Meiriceánach Jessie Wilcox Smith d’eagrán 1912.

I ndeireadh na dála, ní fios, agus is dócha gur cuma … ach mar a dúirt San Nioclás féin: “Nollaig mhór mhaith agaibh, a chairde go léir!”

Go deireanach, Oíche Nollag,
ó cheann ceann an tí,

Ní raibh cor as aon duine,
ná luchóg ’na suí;

Bhí na stocaí ar crochadh
faoin matal go beacht

Faoi réir do Shan Nioclás,
agus súil lena theacht.