1 Item

Alain Surget

Scríbhneoir agus múinteoir é Alain Surget as Metz in oirthear na Fraince. Tá réimse mór leabhar scríofa i bhFrancis do léitheoirí óga aige, leabhair faoi ainmhithe ach go háirithe — agus tá suim ar leith aige sna foghlaithe mara! Tá drámaí agus filíocht scríofa freisin aige.

Bratach na gCnámh
Is i gcomhar leis an ealaíontóir cumasach Annette Marnat a d’fhoilsigh sé an tsraith Bratach na gCnámh — sraith a bhfuil scéal na bhfoghlaithe mara i Muir Chairb mar chúlra aige.