1 Item

Anraí Mac Giolla Chomhaill

I nDoire sa bhliain 1940 a rugadh Anraí Mac Giolla Chomhaill. Múinteoir, sagart agus scríbhneoir a bhí ann. Ar a shaothar tá Na Rosa go Brách (1997), Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997) agus Scéalta Johnny Shéamaisín (2004) – chomh maith le roinnt aistriúcháin ón Fhraincis, Les Oberlé (1996), Le Grand Meaulnes (2001) agus Thérèse Desqueyroux (2008). Fuair sé bás i nDún Geanainn in 2021.

Cuntas ar shaothar an údair ar Tuairisc.ie: https://tuairisc.ie/anrai-mac-giolla-chomhaill-scolaire-a-rinne-obair-iontach-ar-son-na-gaeilge-agus-lucht-foghlama-na-teanga/

Portrait of Author