Antain Mac Lochlainn

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.
Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin,
ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha.

pórtráid údair, Antain Mac Lochlainn