Aoife Ní Dhufaigh

Scríbhneoir do pháistí agus do léitheoirí óga í Aoife Ní Dhufaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Oírr, in oileáin Árann. Tá sealanna fada caite ina cónaí thar lear aici, agus tá sí anois ag plé leis an scribhneoireacht go lánaimseartha ar ais san oileán i gCuan na gaillimhe arb as dá muintir..

Foilsíodh dhá úrscéal léi go dtí seo, Go Tóin Poill agus Cathal, chomh maith le Scéilíní, sraith scéalta traidisiúnta atá curtha in oiriúint aici do léitheoirí óga. Is iad Éalú as an Lios agus An tSióg Mhallaithe an chéad dá leabhar sa tsraith Luisne Lios Lurgain. foilseofar an tríú leabhar sa tsraith sin i 2017.

Luisne Lios Lurgain
Sraith nua is ea Luisne Lios Lurgain faoi Luisne, sióg óg fiosrach atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, faoin maith agus faoin olc, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Leabhair ghleoite iad do léitheoirí óga, agus is é Caomhán Ó Scolaí a dhearaigh na pictiúir.

Ealaín le Caomhán Ó ScolaíFoilsíodh Éalú as an Lios agus An tSióg Mhallaithe i 2015, agus foilseofar an tríú leabhar sa tsrtaith, Bainis na Sí i mbliana.

Fógraíodh Éalú as an Lios ar ghearrliosta Réic Carló in 2017.

picture