Colmán Ó Raghallaigh
Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith úrscéalta grafacha atá scríofa aige bunaithe ar scéalta staire is miotaseolaíóchta.
I 2002 foilsíodh An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach Éireannach. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus ghnóthaigh sé Duais Bisto dó. Tá trí cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) agus An Táin (2006).
Ghnóthaigh sé duais eile Bisto i 2003 agus duaiseanna aitheantais an RAI agus an Oireachtais i 2003 agus 2004 faoi seach.

-
An Sclábhaí
Colmán Ó Raghallaigh€9.95Saol crua anróiteach an sclábhaí atá i ndán don Rómhánach óg, Pádraic, nuair a thugtar go hÉirinn é ag Niall na Naoi nGiallach. Ach nuair a thagann a...
-
An Táin
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Seo insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, scéal a áirítear ar cheann de mhórscéalta an domhain, Táin Bó Cuailgne. Tá uaisleacht, crógacht...
-
An Tóraíocht
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith...
-
Deirdre agus Mic Uisnigh
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Cló Mhaigh Eo: 44 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-899922-52-9 “Slad agus sléacht a bheas in Uladh de bharr an linbh seo… éad gan chuimse de bharr a háilleachta…...
-
Gráinne Mhaol
Gisela Pizatto & Bruno Büll€11.00Eachtraí spleodracha Ghráinne Ní Mháille, máthair, ceannaire agus mairnéalach, bean nár smachtaíodh riamh; bean a d’fhulaing go leor ach a tháinig slán ar deireadh mar dhuine de mhórlaochra...