Colmán Ó Raghallaigh

Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith úrscéalta grafacha atá scríofa aige bunaithe ar scéalta staire is miotaseolaíóchta.

I 2002 foilsíodh An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach Éireannach. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus ghnóthaigh sé Duais Bisto dó. Tá trí cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) agus An Táin (2006).

Ghnóthaigh sé duais eile Bisto i 2003 agus duaiseanna aitheantais an RAI agus an Oireachtais i 2003 agus 2004 faoi seach.

picture