Cumann Léann na Litríochta

Is é an príomhchuspóir atá ag CUMANN LÉANN NA LITRÍOCHTA ná plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile.

Cuirtear saothar taighde i gcló in LÉANN, iris an chumainn, a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael. Tá fáilte ar leith roimh ábhar a chothaíonn an ghné chomparáideach agus a bhaineann le litríocht na Gaidhealtachta sa chiall is leithne (Éire, Alba, agus Oileán Mhanann).

Tá imleabhair Léann ar fáil i measc ár gcuid leabhar Gaeilge ónár siopa leabhar ar-líne.

pictiúr de chreatalach na Twin Towers i Nua-Eabhrac ar chlúdach leabhair.