Darach Ó Scolaí
Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000). Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna (2009). Foilsíodh úrscéal leis Na Comharthaí in 2014, agus i 2017 foilseofar Táin Bó Cuailnge, saothar a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin 2017.
Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín agus an BBC Stewart Parker Award amach, agus rinneadh cóiriú do Raidió na Gaeltachta ar Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos i 2009. Chomh maith le saothar cló is stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) An Leabhar (2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (2010).

-
Súil an Daill
Darach Ó Scolaí€18.00Tir Eoghain 1539: Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Seo é scéal Chonchúir Mhic Ardail: cléireach, athair teaghlaigh, agus ardfheidhmeannach...
-
Feis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí€16.00Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad...
-
An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí€7.50Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin...
-
An Braon Aníos
Darach Ó Scolaí€9.0084 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-24-X I 2006 a léiríodh an dráma seo, an dara dráma sa triológ 'Trí Bhraon'. Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus...
-
An Ceithearnach Caolriabhach
Darach Ó Scolaí€20.00Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus...
-
An Cléireach
Darach Ó Scolaí€10.00Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh...
-
Bodach an Chóta Lachna
Darach Ó Scolaí€7.50Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin...
-
Coinneáil Orainn
Darach Ó Scolaí€9.00When the Department's last inspector goes in search of th last two native Irish speakers questions are raised that come a bit too close to the bone. “Ó...
-
Craos
Darach Ó Scolaí€12.00Is é Craos an tríú dráma sa tsraith Trí Bhraon a phléann leis an mbréag agus le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile. Fearacht an dá...
-
Dóiteoir na Samhna
Darach Ó Scolaí€7.50Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad...