Diarmuid Johnson
File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh idir 1970 agus 1989. Tá céim B.A., M.A. agus Ph.D. sa Léann Ceilteach aige.
Éist le Diarmuid Johnson agus a dhán ‘An Criathrach faoi Shamhain’ á léamh aige (as bailiúchán nua atá á chur i dtoll a chéile aige….
Ó 1989 i leith tá blianta go leor caite aige ina léachtóir ollscoile in Éirinn, sa mBreatain Bhig, sa mBriotáin, sa nGearmáin agus sa bPolainn. Chaith sé cúig bliana le ceird na hiriseoireachta agus na heagarthóireachta i gConamara.
Filíocht Teallaigh agus Tuairisceoireacht Raidió
Tá leabhra go leor scríofa aige, agus tá a chuid fliúiteadóireachta le cloisteáíl ar cheirníní éagsúla. I 2014, bhí sé ina fhile teallaigh i dteach mór Rhos-y-Gilwen in iardheisceart na Breataine Bige. Bíonn sé ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Múineann sé Gaeilge in Éirinn i rith an tsamhraidh. Is é Rún na mBradán an cnuasach filíochta is deireanaí ón údar.
Sraith na Teamhrach
Tá an tsraith Trí Scéal na Teamhrach curtha de anois aige, trí leabhar ‘Conaire Mór’ (úrscéal bunaithe ar sheanscéal Togail Bruidne Da Derga), Tuatha Dé Danann’ (bunaithe ar ghabháltas Thuatha Dé Danann ar Éirinn), agus ‘Éadaoin’ (scéal mór grá na nGael) sraith a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar luathlitríocht na nGael agus ar scéalta bunaidh na hÉireann.
“Tá trí leabhar na sraithe seo mar ardphointí i bhfoilseacháin na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus tá Johnson agus Leabhar Breac le moladh astu.” — Dubhán Ó Longáin, Feasta

-
Rún na mBradán
Diarmuid Johnson€8.00Rún na mBradán: Rogha dánta a chum an t-údar agus é san iasacht idir 2005 agus 2015. Sa Bhreatain Bheag, go dtí 2007, sa Pholainn as sin go...
-
Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
-
Súil Saoir
Diarmuid Johnson€10.00Súil Saoir, an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Tugadh ard-mholadh don chnuasach seo i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.
-
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
-
Conaire Mór
Diarmuid Johnson€16.00Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a...
-
Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson€16.00Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is...