Eilís Ní Anluain

I mBaile Átha Cliath a rugadh Eilís Ní Anluain agus is i mBré, Contae Chill Mhantáin atá a saol fásta caite aici.

Is i gConamara i dtosach agus ansin ar Inis Oírr a chaitheadh an teaghlach saoire an tsamhraidh agus bhuaigh taighde a rinne sí ar an oileán bonn óir de chuid Chomhairle na hEorpa.

Colúnaí agus Eagarthóir

Le colún Beocheist in The Irish Times in 2004 thosaigh sí ag scríobh go rialta agus tá ábhar léi in Comhar, Feasta, Béaloideas agus Sinsear. D’fhoilsigh Leabhar Breac úrscéal léi, Filleann Seoirse in 2011. Chuir sí eagar ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (Sáirséal Ó Marcaigh, 2009) agus ar Creidim Fós agus aistí eile le hEoghan Ó hAnluain (LeabhairCOMHAR, 2013)..

Úrscéalaí

Tá a húrscéal Filleann Seoirse sa dara cló anois agus tá sí ag obair ar a húrscéal nua Éalú faoi láthair agus tá súil leis sin sa bhliain 2024.

Filleann Seoirse agus leabhair Ghaeilge eile ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne agus ó na siopaí leabhar is fearr sa tír.

Portráid den Scríbhneoir | Author Portrait