Feargal Ó Béarra
Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I mBothúna, ar an Spidéal, a tógadh é agus is i nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann.
Tá tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Is sa Bheilg atá sé ag cur faoi anois, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.
Le blianta beaga anuas, tá athchóiriú déanta ag an mBéarrach ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, Tromdhámh Guaire agus Buile Shuibhne. Bhain sé ‘Leabhar na Bliana’ 2019 amach leis An Tromdhámh, agus bhí an leabhar céanna ar ghearrliosta Ghradam An Post Irish Book Awards na bliana sin. In 2021 a foilsíodh an leabhar is nuaí leis, Mé Suibhne.

-
Mé Suibhne
Feargal Ó Béarra€16.00Mé Suibhne: Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas,...
-
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra€16.00Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is...