Gradaim 2021

Trí leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais 2021: Mé Suibhne le Feargal Ó Béarra atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; Eachtra ar Oileán na Rún le Brian Ó Broin atá ar ghearrliosta do Ghradam Réics Carló, agus Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (agus aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú( atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe.

Buaiteoir le hainmniú i mí Dheireadh Fómhair.

Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an aistritheoir agus guímid an t-ádh orthu sna comórtais. Fógrófar na buaiteoirí i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Tuairiscítear go bhfuil ríméad an domhain ar an gceathrar.

Is é an t-úrscéal ficsin eolaíochta Tinte na Farraige Duibhe a ghnóthaigh Gradam an Saltire Society in Albain in 2013 (faoin teideal Gaidhlig Air Cuan Dubh Drilseach).

Trí Leabhar